Beidh an chéad díospóireacht teilifíse sa toghchán Uachtaránachta ar siúl ar Virigin Media ag 10 a chlog anocht.
Is iad an triúr iarrthóirí sa toghchán Catherine Connolly ón eite chlé, Jim Gavin ó Fhianna Fáil agus Heather Humphreys ó Fhine Gael agus tá siad i mbun canbhasála ar fud na tíre ó hainmníodh go foirmiúil iad Dé Céadaoin seo caite.
Ní bheidh ceachtar acu chomh siúlach inniu agus a bhí siad le cúpla lá, más ea, ó tá obair bhaile le déanamh acu roimh an díospóireacht anocht.
Beidh roinnt díospóireachtaí teilifíse ar RTÉ le linn an fheachtais toghchánaíochta, an chéad cheann ar The Week In Politics Dé Domhnaigh seo chugainn.
Beidh an toghchán ar siúl Dé hAoine an 24 Deireadh Fómhair, tosófar ag comhaireamh na vótaí ag thart ar 9 a chlog an mhaidin dar gcionn agus ba cheart toradh a bheith ann faoina 9 a chlog tráthnóna.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ