skip to main content

Bean sna caogadaí báite amach ón gcósta i gCo.Dhún na nGall

Bean báite amach ón gcósta i gCo.Dhún na nGall
Bean báite amach ón gcósta i gCo.Dhún na nGall

Bhí cónaí uirthi i gceantar Bhaile Átha Cliath, ach bhí aithne mhaith ar Ghleann Cholm Cille a dúradh ar an té a báthadh amach ó chósta Chontae Dhún na nGall tráthnóna inné.

Níl a ainm tugtha go fóill.

B'amhlaidh a chuaigh sí féin agus cara léi ag snámh amach ón Trá Bheag lámh le Gleann Cholm Cille.

Rug an fharraige uirthise agus chinn uirthi í féin a choinneáil ar barr uisce.

Tharla an tragóid thart ar a 7 a'chlog tráthnóna inné.

D'éirigh le cara na mná ,bean eile an scéala a chuir amach faoina raibh tarlaithe.

Tháinig na seirbhísí éigeandála.

Tógadh an bhean as an uisce agus tugadh í ar bord héalacaptair go hOspidéal na hOllscoile Sligeach agus deimhníodh a bás ansin.

Bhí an bhean, sna caogaidí, ag freastal ar chúrsaí Gaeilge i nGleann Cholm Cille.

Tuigtear go raibh sí ag teacht chuig an Ghleann sa cheantar Gaeltachta le scór bliain.

Tá 2 thrá ar láthair na tubaiste seo, an Trá Mhór agus an Trá Bheag.

De réir na dtuairiscí áitiúla, níl an fharraige amach uathu slán le dul ag snámh.

Tá comhartha dá réir ar an Trá Mhór, faraor deirtear nach raibh a léithid ar an Trá Bheag.

Cuirfear scrúdú iarbháis ar chorp na mná níos deireanaí.

Tá cód á réiteach don Choiste Cróinéara.