skip to main content

Bás an cheoltóra Mick Maloney

Mick Maloney, a fheictear anseo i dteannta Hillary Clinton
Mick Maloney, a fheictear anseo i dteannta Hillary Clinton

Baineadh geit as domhan an cheoil thraidisiúnta aréir leis an scéala go bhfuair an ceoltóir, an taighdeoir agus an t-údar, Mick Maloney bás.

Bhí sé 78 bliain d'aois.

Cé gur i Luimneach a rugadh é i 1944, ba i Stáit Aontaithe Mheiriceá a chaith sé bunús a shaoil ó 1973, áit ar bhain sé cáil amach mar cheoltóir gairmiúil, saineolaí ceoil, béaloideasóir agus múinteoir.

I ndiaidh céim dochtúireachta sa cheol a bhaint amach in Ollscoil Pennsylvania, chaith sé sealanna ag múineadh an cheoil in Ollscoileanna Georgetown, Villanova agus sa New York University.

Bhí ardmheas air sa domhan eitnicheoleolaíochta i Meiriceá - an t-ábhar a theagasc sé do na sluaite de lucht ollscoile.

An bainseó a bhí ar a ghlúin ag Mick agus gan é ach sé bliana déag d’aois i Luimneach.

Ina óige sheinn sé leis an Emmet Folk Group agus chaith sé 5 bliana leis na Johnstons.

Ach luath ina shaol a tháinig sé faoi anáil cheol na ndaoine i Meiriceá.

Inniu, dúirt an ceoltóir, Mairéad Ní Mhaonaigh, gur cailliúint mhór bás Mhick.

'Ní amháin gur ceoltóir cumasach a bhí ann, ach scoláire a rinne cuid mhór taighde faoin tionchar a bhí ag ceol traidisiúnta na hÉireann ar cheol Mheiriceá nuair a chuaigh sé anonn ansin', a dúirt sí.

Bronnadh an iliomad gradam air i Meiriceá agus anseo in Éirinn - ina measc, Gradam Ceoil TG4 i 2014.

Léirigh sé agus thiomsaigh sé seancheol agus nuacheol le ceoltóirí móra Mheiriceá - cuid acu a chuaigh ar imirce as Éirinn agus chuir sé a stair siúd in eagar.

Bhí sé ina chomhairleoir ag féilte agus imeachtaí móra ceoil agus bhí baint aige le bunú grúpaí mar 'Cherish the Ladies'.

Cuirfidh cuallacht an cheoil fáilte chun na bhFlaitheas roimhe.