skip to main content

Ómós tugtha do bhean a bhásaigh i Sléibhte an Chomaraigh

Gillian Ryan
Gillian Ryan

Tá ómós tugtha ag cumann lúthchleasaíochta i nDurlas, Co Thiobraid Árann, do bhall den chumann Gillian Ryan a bhásaigh agus í ag rith i Sléibhte an Chomaraigh ar an deireadh seachtaine.

Fuarthas a corp sna sléibhte aréir.

Bean phósta ab ea Gillian Ryan. Bhí sí 37 bliain d'aois agus bhí beirt leanaí aici.

Chuaigh sí ag rith sna sléibhte ar maidin Dé Domhnaigh ach tháinig imní ar a teaghlach nuair nach bhfuair siad aon scéal uaithi faoi thráthnóna.

Chuir foirne tarrthála cuardach ar bun agus tháinig siad ar a corp ag thart ar 6.30 aréir.

Measann na Gardaí gur bhain timpiste do Gillian Ryan agus í ag rith.

Dúirt Cumann Lúthchleasaíochta Chrócaigh Dhurlais go bhfuil siad suaite agus croíbhriste ag a bás, agus rinne siad comhbhrón lena fear céile Conor, a hiníon Amelia agus a mac Conor.