skip to main content

Fiosrúchán i nDoire faoi fhear a lámhachadh aréir

Ombudsman na bPóilíní ó thuaidh ag fiosrú na heachtra i nDoire aréir
Ombudsman na bPóilíní ó thuaidh ag fiosrú na heachtra i nDoire aréir

Tá Ombudsman na bpóilíní sa Tuaisceart ag fiosrú eachtra lámhaigh a tharla i nDoire aréir.

Tuigtear go ndeachaigh póilín i ngleic le fear agus gur scaoileadh urchar ina dhiaidh sin.

Lámhachadh an fear sa chliabhrach.

Tá cóir leighis á cur air san ospidéal.

Deirtear freisin gur goineadh an póilín le scian sa ghualainn agus sa chloigeann.

Tharla an eachtra seo i ndiaidh fios a bheith curtha ar na póilíní theacht chug ionad cónaithe i gceantar Gobnascale.