skip to main content

Fiosrúchán dunmharaithe faoi bhás mná i bhFionnghlas,BÁC

Stáisiún an Gharda Síochána i bhFionnghlas, áit a bhfuil an fear gafa á cheistiú
Stáisiún an Gharda Síochána i bhFionnghlas, áit a bhfuil an fear gafa á cheistiú

Tá na gardaí tar éis tús a chur le fiosrúchán dúnmharaithe i gCo.Bhaile Átha Cliath.

Fuarthas bean 25 bliain d'aois gortaithe go dona i gceantar Fhionnghlais níos túisce tráthnóna.

B'amhlaidh a bhí sí sáite roinnt mhaith babhtaí.

Tugadh chuig Ospidéal Uí Chonghaile í, áit ar bhásaigh sí níos deireanaí.

Tá scrúdú dlíeolaíoch á dhéanamh ar láthair an tí chónaithe i gCéide Melville.

Tá fear gafa ag na gardaí agus é á choinneáil faoi Alt a 4 den Acht um Cheartas Coiriúil.