skip to main content

An buaiteoir Lotto tagtha chun cinn

Circle K i gcathair Chill Chainnigh a dhíol an ticéad buacach
Circle K i gcathair Chill Chainnigh a dhíol an ticéad buacach

Tá sé dearbhaithe ag an gCrannchur Náisiúnta go bhfuil an té a cheannaigh an ticéad buacach Lotto i gcrannchur na Céadaoine tagtha chun cinn.

Ceannaíodh an ticéad i stáisiún peitril Circle K lasmuigh de chathair Chill Chainnigh.

€12.7m a bhí i dtarraingt an Lotto Dé Céadaoin seo caite, agus buaiteoir amháin a scuab leis é.

Seo é an dara huair i mbliana a bhfuil an pota óir sa chrannchur náisiúnta buaite.