skip to main content

Círéibeacha cáinte d'aon ghuth ag Airí Stormont

Eachtraí foréigin sa Tuaisceart cáinte ag Feidhmeannas Stormont
Eachtraí foréigin sa Tuaisceart cáinte ag Feidhmeannas Stormont

Tá na heachtraí foréigin a tharla sa Tuaisceart le roinnt laethanta cáinte d'aon ghuth ag gach páirtí i bhFeidhmeannas Stormont. 

D'iarr na cúig pháirtí ar dhaoine guaim a choinneáil orthu féin agus deireadh a chur leis na círéibéacha. 

Ag cruinniú speisialta ar maidin, thug Ardchonstábla na bpóilíní Simon Byrne an t-eolas is deireanaí faoin bhforéigean d'Airí Stormont. 

I gcomhráiteas i ndiaidh an chruinnithe, dúirt na hAirí go bhfuil an-imní orthu faoi na caismirtí a tharla ar na sráideanna le seachtain, go háirithe sa cheantar comhéadain idir Bóthar na Seanchille agus Bóthar Chluanaí in iarthar Bhéal Feirste aréir. 

Cháin siad na hionsaithe a rinneadh ar phóilíní agus an scrios a rinneadh ar sheirbhísí poiblí. 

Ní féidir an foréigean ná an bhagairt foréigin a chosaint is cuma cén chúis a bhí leis, a dúradh. 

Ag labhairt di leis an bhFeidhmeannas, dúirt an Chéad-Aire Arlene Foster nach féidir broic leis na heachtraí foréigin a tharla le deireanas.

Mhaígh sí go ndearna na hionsaithe ar phóilíní agus ar mhaoin dochar do chlú an Tuaiscirt, agus gur céim ar gcúl a bhí ann.  

Thug an LeasChéad-Aire Michelle O'Neill le fios go raibh brón uirthi go raibh gá le díopóireacht den sórt seo.

Dúirt sí go raibh a fhios ag gach duine cé a d'eagraigh na círéibeacha agus go mbeadh ceannasaíocht pholaitiúil ag teastáil san am atá le teacht.