skip to main content

"Físeán de pheileadóirí Mhuineacháin i mbun traenála" á fhiosrú

Páirc Chumann Peile na Coirre Duibhe
Páirc Chumann Peile na Coirre Duibhe

Tá físeán ina ndealraíonn sé go bhfuil peileadóirí ó fhoireann sinsir Mhuineacháin i mbun traenála á fhiosrú ag na Gardaí.

Níl cead ag foirne spóirt teacht le chéile faoi láthair de réir srianta Covid-19. 

Tuairiscítear ar an Irish Independent gur cuireadh an físeán agus ábhar eile chuig dreamanna éagsúla, an Roinn Dlí agus Cirt ina measc.

Is cosúil go bhfuil peileadóirí Mhuineacháin le feiceáil ar an bhfíseán i mbun traenála ag páirc Chumann Peile na Coirre Duibhe ag deireadh na míosa seo caite. 

Tá sé tugtha le fios ag an Roinn Dlí agus Cirt go bhfuil an físeán seolta acu chuig na Gardaí, an Roinn Sláinte agus Cumann Lúthchleas Gael. 

Tá sé deimhnithe ag na Gardaí agus ag Cumann Lúthchleas Gael go bhfuil siad i mbun fiosrúchán.