skip to main content

Oibrithe RTÉ ag diúltú do chiorruithe pá agus liúntas

"Díomá ar RTÉ faoi thoradh vóta"
"Díomá ar RTÉ faoi thoradh vóta"

Dhiúltaigh oibrithe in RTÉ do mholtaí tuarastail, pá breoiteachta agus poist san eagraíocht a chiorrú.

I ráiteas tráthnóna, d'fhógair an grúpa ceardchumann in RTÉ gur vótáil 87% de na baill in aghaidh na moltaí agus 13% ina bhfabhar.

De réir na moltaí, dhéanfaí laghdú idir 3.5% agus 5.5% ar thuarastail oibrithe a thuilleann os cionn €40,000 sa bhliain agus chiorrófaí liúntais.  

Bheadh an socrú i bhfeidhm ar feadh dhá bhliain ó Lá Bealtaine i mbliana.

Gheall RTÉ go gcuirfí tuarastail agus ciorruithe eile ar ais mar a bhí sa bhliain 2023. 

Tá scéim nua iomarcaíochta deonaí bunaithe ag RTÉ freisin agus súil acu go nglacfaidh suas le 70 oibrí leis an tairiscint, 

Dúradh go sábhálfadh na ciorruithe €8.3 millún ar RTÉ.

Dúirt an grúpa ceardchumann gur faoi RTÉ a bhí sé anois a marana a dhéanamh ar thoradh an vóta agus go mbeidís ar fáil le tabhairt faoi chainteanna arís leis an mbainistíocht.

I ráiteas, dúirt RTÉ go raibh díomá orthu faoi thoradh an vóta.