skip to main content

Athoscailt scoileanna príomhchuspóir phlean an Rialtais

Athoscailt scoileanna is mó is cás leis an Rialtas
Athoscailt scoileanna is mó is cás leis an Rialtas

Is ar athoscailt scoileanna na tíre a dhíreofar i straitéis athbhreithnithe an Rialtais in aghaidh Covid-19 atá le foilsiú níos deireanaí inniu. 

Tá an plean maidir le maireachtáil le Covid-19 á chaibidil i dtosach ag cruinniú Rialtais a thosaigh ag thart ar 1.30.

Cé is moite de na scoileanna, meastar nach mórán leasuithe a dhéanfar ar na srianta atá i bhfeidhm faoi láthair. 

Glactar leis go deimhin nach maolófar srianta Leibhéal 5 go ceann sé seachtaine eile ar a thúisce. 

Aontaíodh an straitéis athbhreithnithe aréir tar éis d'fhochoiste an Rialtais maidir le Covid-19 an fhaisnéis is deireanaí i dtaobh an ghalair in Éirinn a fháil ó Leas-Phríomhoifigeach Leighis an Dr Rónán Glynn agus ó cheannasaí Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte Paul Reid.

Tuigtear go bhfuil sé i gceist scoláirí Ardteistiméireachta, naíonáin bheaga, naíonáin mhóra, agus Rang 1 agus 2 sa bhunscoil a thabhairt ar ais ar scoil Dé Luain seo chugainn. 

Coicís ina dhiaidh sin, ar an 15 Márta, tabharfar daltaí eile bunscoile ar ais chomh maith le lucht an chúigiú bliain i scoileanna dara leibhéal. 

Tabharfar na ranganna eile i scoileanna dara leibhéal ar ais ar an 12 Aibreán, sin i ndiaidh shaoire na Cásca. 

Tuigtear freisin go bhfuil sé mar aidhm sa phlean ionaid chúraim leanaí a oscailt arís de réir a chéile sna seachtainí amach romhainn.