Dearbhaíodh tráthnóna go bhfuil 46 duine eile básaithe leis an ngalar Covid-19 sa Stát agus go bhfuil 3,086 cás nua ann.
Fágann sé seo go bhfuil 2,397 duine básaithe leis an ngalar i bPoblacht na hÉireann agus go bhfuil sé tolgtha ag 155,591 duine ó thús na paindéime.
Tá 1,700 othar Covid-19 in ospidéil ar fud na tíre agus tá 158 acu in aonaid dianchúraim, sin ardú 12 ó inné.
Is i nGaillimh atá 604 de na 3,086 cás nua, tá 574 i mBaile Átha Cliath, 466 i Maigh Eo, 187 i gCorcaigh, 138 i Luimneach agus tá an 1,117 cás eile roinnte idir na contaetha eile.
Fógraíodh níos túisce inniu go bhfuil 22 eile básaithe le Covid-19 sa Tuaisceart agus go bhfuil 1,205 cás nua ann.
Fágann sin go bhfuil 1,498 duine básaithe le Covid-19 sa Tuaisceart agus go bhfuil sé tolgtha ag 90,664 duine ó thús na géarchéime.
Tá 751 othar Covid-19 in ospidéil ar fud an Tuaiscirt agus tá 55 acu in aonaid dianchúraim. Tá 38 acu ag brath ar aerálaí.