Tá sé deimhnithe ag torthaí ó athchomhaireamh a déanadh sa stát cinniúnach Georgia i Meiriceá go raibh an bua ag Joe Biden sa stát sin.
Tá sé ráite ag feachtas Trump go bhfuil dúshlán dlí a bhí le tógaint acu i Michigan á tharraingt siar acu.
Maidir le votaí coláiste toghcháin a thugann le fios cén iarrathóir a bhuaigh toghchán na hUachtaránachta sna Stáit Aontaithe, tá 306 vóta coláiste toghcháin ag Joe Biden agus 232 ag Donald Trump.
270 vóta atá ag teastáil chun toghchán na hUachtaránachta a thabhairt leat.
Tá dúshlán dlí tógtha ag feachtas Donald Trump i roinnt stáit éagsúla go dtí seo.