Tá an Taoiseach, an Tánaiste agus gach Aire Rialtais leis an teagmháil a bhíonn acu le daoine eile a laghdú tar éis don Aire Sláinte Stephen Donnelly tástáil Covid-19 a lorg.
Is cosúil nach bhfuil an tAire Donnelly ar fónamh agus gur iarr sé ar a dhochtúir teaghlaigh tráthnóna tástáil a lorg thar a cheann.
Ghlac an tAire Donnelly páirt i bpreasócáid ar maidin in éineacht leis an Taoiseach agus an Tánaiste faoi phlean meántéarmach an Rialtais chun dul i ngleic le Covid-19
D'fhógair an Ceann Comhairle Seán Ó Fearghaíl go bhfuil an Dáil á scor aige i bhfianaise an choir is deireanaí seo.
Cheana féin, tá ceannaire an Chomhaontais Ghlais Éamon Ryan ag fanacht as féin de bharr go ndearnadh tástáil Covid-19 ar dhuine dá theaghlach.