Tá sé ráite ag an Taoiseach agus ag Céad-Aire Thuaisceart Éireann go raibh an chéad chruinniú a bhí ag an gComhairle Aireachta Thuaidh Theas le trí bliana go leith thar a bheith dearfach agus oscailte.
Phléigh an dá rialtas bealaí chun an comhoibriú le dul i ngleic le géarchéim Covid-19 a fheabhsú chomh maith leis na dúshláin a bheidh i gceist leis an mBreatimeacht d'oileán na hÉireann.
Ag preasócáid ag Caisleán Bhaile Átha Cliath, dúirt Micheál Martin: "Cruinniú cairdiúil a bhí ann, cruinniú inar tugadh réimse leathan tuairimí. Príomhthosaíocht don Rialtas is ea comhoibriú Thuaidh Theas.
"Cruinniú forleathan agus tairbheach a bhí ann agus bhí comhrá an-mhaith againn faoi Covid-19."