Chuir teaghlaigh triúr a maraíodh le linn na dtrioblóídí a ndíoma in iúl nach bhfuil Seirbhís na nIonchúíseamh Poiblí le hiar-oifigigh san RUC,mar a bhíodh a chúisiú.
Muintir Rooney teaghlach amháin, ar maraíodh buachaill leo, Patrick.
9 mbliana d'aois a bhí sé ag an am, Lúnasa 1969.
Lámhachadh é de bharr piléir deirtear, a scaoil oifigeach de chuid an RUC isteach in árasán.
Ba é Patrick Rooney an chéad pháiste a maraíodh le linn na dtrioblóidí.
Dúirt Seirbhís na nIonchúiseamh Poiblí nach mbeadh seans ar bith go gciontófar an t-oifigeach a bhfuil an marú á chur ina leith, agus dá réir nárbh fhiú triail a chur ar bun.
Tá díomá ar theaghlach Rooney faoi seo.
Ní bheidh cúiseanna ar bith á dtabhairt ach oiread maidir le 2 chás eile an tseachtain chéanna
Mharaigh baill den RUC Samuel McLarnon (27) ina sheomra suí in Ard Eoin.
Agus an dara cás, Hugh McCabe 20 an chéad saighdiúír Sasanach a maraíodh le linn na dtrioblóidí nuair a bhí sé sa bhaile ar saoire.