Tá 11 bliain de théarma príosúnachta gearrtha ar chúramóir sláinte a d'éignigh bean 73 bliain d'aois a bhfuil Alzheimers ag dul di.
Tharla an eachtra ar an 3 Aibreán i dteach altranais.
Phléadáil Emmanuel Adeniji,(52) a bhfuil seoladh aige i gCill Choca,Cill Dara ciontach, cé gur shéan sé an eachtra i dtús aimsire.
Chonacthas é ar scáileán CCTV ag dul isteach agus amach as seomra na mná go moch an mhaidin sin.
De bharr shrianta Covid-19, bhí na háitritheoirí ar fad i dtithe altranais coinnithe ina gcuid seomraí an t-am uilig ag an tráth sin den bhliain.
Gabhadh an fear 11 lá i ndiaidh na heachtra.
Bhí an fear tar éis 15 bliain a chaitheamh sa tseirbhís cúram sláinte.
Gearradh an pianbhreith inniu air sa Phríomh Chúirt Choiriúil.