skip to main content

Tá soiléiriú tugtha ag Cónaidhm Thionscal na Foirgníochta, an CIF, faoi mhéadú ar chostais tógála

Tá soiléiriú tugtha ag Cónaidhm Thionscal na Foirgníochta, an CIF, faoi mhéadú ar chostais tógála, i bhfianaise COVID 19
Tá soiléiriú tugtha ag Cónaidhm Thionscal na Foirgníochta, an CIF, faoi mhéadú ar chostais tógála, i bhfianaise COVID 19

Tá soiléiriú tugtha ag Ard-Stiúrthóir Chónaidhm Thionscal na Foirgníochta, Tom Parlon, ar an méid a dúirt sé os comhair an Choiste Dála Ar Chovid 19 dé Máirt. Dúirt sé an tráth sin go dtiocfadh ardú 40% ar an gcostas a bhaineann le foirgnímh mhóra a thógáil agus go dtiocfadh ardú 5-10% ar an gcostas a bhaineann le teach a thógáil.

Ach dúirt sé inniu nach raibh sé ag iarraidh a thabhairt le fios go dtiocfadh ardú chomh hard riamh le 40% ar thogra mór a chur i gcrích.

Dúirt sé gurbh éard a bhí i gceist aige ná go dtiocfadh laghdú 40% ar tháirgiúlacht na dtógálaithe i gcásanna áirithe, dá mbéidís ag obair faoi shrianta diana. Ach, a dúirt sé, beidh gach duine ag obair go dian sa tionscal le táirgiúlacht a mhéadú.