skip to main content

Fearg agus fuath á spreagadh ag Covid-19 - Náisiúin Aontaithe

Tá an coróinvíreas ag spreagadh fearg, fuath agus ciníochas i measc daoine a deir Ceannaire na Naisiún Aontaithe. Dúirt Antonio Guterrez an méid sin agus srianta san Eoraip agus san Astráil á maolú de réir a chéile.

Tá beagnach 270,000 duine th'éis bháis leis an gcoróinvíras ar fud na cruinne anois. Tá seineafóibe ag leathadh, daoine ag déanamh ceap milleáin de dhaoine eile, ráflaí bréagacha á scaipeadh agus scéal chailleach an úafáis á dhéanamh den paindéim dar le Ceannaire na Náisiúin Aontaithe Antonio Guterrez.

Tá iarrachtaí fós ar bun margadh trádála a bhunú idir an tSín agus Meiriceá, ainneoin easaontais idir na tíortha sin faoin mbealach go ndeachaidh an tSín i ngleic leis an víreas.

Ghabh an tUachtarán Donald Trump buíochas leis na hoibithe sláinte sna Stáit Aontaithe ar lá náisiúnta na bpaidreacha, faoin obair atá ar bun acu leis an lámh i uachtar a fháil ar an víreas.

Bhásaigh 2,400 duine eile leis an víreas i Meiriceá ó inné.

Tá an tSín ag tacú le hathbhreithniú atá ar bun ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte faoin bpaindéim.

Athbhreithniú neamhspléach atá á lorg ag an Astráil faoin bhfiosrúchán seo, agus srianta sóisialta á maolú ansin ó inniu.

Sa Spáinn, tá daoine ag filleadh ar thránna agus páirceanna poiblí inniu, cé go bhfuil ardú de bheagán ag teacht ar lion na gcásanna nua den víreas ansin.

Tá 10,000 cás nua den víreas atá fógraithe sa Rúis inniu, don séú lá as a chéile, agus tá an ráta ionfhabhaithe níos airde ansin ná líon na gcásanna sa Fhrainc agus sa Ghearmáin.