Tá sé deimhnithe ag an Aire Oideachais agus Eolaíochta, Joe McHugh go bhfuil scrúduithe na hArdteistiméireachta don bhliain seo curtha ar ceal agus go bhfuil Plean "C", mar a bhfaighfidh daltaí grádanna tuartha óna meánscoil féin, le teacht ina n-áit.
Ag labhairt dó ag preasócáid i dTithe an Rialtais, dúirt an tAire McHugh go gcreideann sé i scrúduithe na hArdteistiméireachta agus gur le croí trom a glacadh an cinneadh iad a chur ar ceal don chéad uair riamh i stair na tíre.
Ainneoin go raibh Plean "B" ag an Roinn, tabhairt faoi na scrúduithe ó dheireadh mhí Iúil ar aghaidh, dúirt sé go raibh comhairle agus treoir fíorláidir faighte ag an Roinn a chuir ina luí air nach mbeadh sé slán ná sábháilte tabhairt fútha.
"Tá an Ardteist tábhachtach, ach tá an beatha níos tábhachtaí" a dúirt sé.
Ag freagairt ceiste ó Nuacht faoi chinnteacht na Roinne maidir le cothromaíocht sna marcanna a bhronnfar, dúirt an tAire McHugh go mbeadh an-bhéim ar an eolas atá ag oidí na ndaltaí ar a gcuid oibre agus iad ag teacht ar mharc tuartha.
Bainfidh ceithre leibhéal leis an chóras úr de ghrádanna ríofa do dhaltaí. Tá an cur chuige bunaithe ar mheascán den obair scoile agus meánmharcanna a fuair dalta thar a thréimhse meánscolaíochta chomh maith le rangú a dhéanfaidh múinteoirí an dalta fhéin.
Iarrfar ar mhúinteoirí marcanna a thabhairt do gach chuid d'ábhar anois - obair chúrsa, páipéirí scríofa agus scrúdú béil nó praticiúil san áireamh agus tiocfaidh seo in áit an chinnidh níos luaithe i mbliana marc 100% a bhronnadh ar dhalta do scrúdaithe béil a cuireadh ar ceal.
Beidh próiseas ailíníthe sa scoil faoina n-oibreóidh múinteoirí ábhair as lámha a chéile le theacht ar thoradh deireannach an dalta.
Seo a leanas na céimeanna a bhainfidh leis an gcóras nua:
- Iarrfar ar oidí meánscoile a mbreith ghairmiúil i leith oilteacht an dalta a thabhairt - cuirfear próiseas ailínithe i bhfeidhm le coithrime a dheimhniú
- Déanfaidh príomhoide na scoile faomhadh ar na grádanna seo i ngach ábhar scoile atá á staidéar aici/aige
- próiseálfaidh rannóg nua-bhunaithe sa Roinn Oideachais an faisnéis a sholáthraíonn meánscoileanna di agus cuirfidh córas caighdeánaithe náisiúnta i bhfeidhm le cothroime a chinntiú.
- Dearbhóidh an Roinn na grádanna ar fad agus eiseofar na torthaí chomh gar don gnáth-dháta i lár Lúnasa agus is féidir. Bronnfar teastas oifigiúil Stát freisin.
- Beidh cead achomhraice ag gach dalta. Déanfar seo i bhfoirm seiceála ar an bhfaisnéis atá tugtha ag an scoil don Roinn.
- Beidh sé de cheart ag daltaí tabhairt faoi scrúduithe na hArdteistiméireachta 2020 ag dáta eile amach anseo nuair atá sé deimhnithe go bhfuil sé sábháilte a leithéid a dhéanamh.
Lean sé le rá gur theastaigh uaidh deireadh a chur leis an éiginnteacht don 61,000 dalta a bhí le tabhairt faoi na scrúduithe agus go mbeadh pé córas a chuirfí i bhfeidhm cothrom.
Príomh-Chigire na Roinne Oideachais, Harold Hislop agus an tAire Oideachais agus Eolaíochta Joe McHugh
Dúirt Príomh-chigire na Roinne, Harold Hislop go mbeadh freagracht ar leith ar mhúinteoirí na grádanna cuí a thuar bunaithe ar obair ranga agus scrúduithe inmheánacha agus go bhfuil an Roinn lánmhuiníneach astu leis an gcóras a chur i bhfeidhm go cothrom, tomhaiste.
Dúirt an tAire McHugh go bhfuil súil aige go bhfaighfidh daltaí a gcuid torthaí chomh congearach agus is féidir don gnátham a eisítear iad gach bliain.