skip to main content

Cead ón Vatacáin Ospidéal Naomh Uinseann a bhronnadh ar an Stát

Tá cead tugtha ag an Vatacáin d'ord Siúracha Cráifeacha na Carthannachta Ospidéal agus tailte Naomh Uinseann i bPáirc na Leamhán, Co. Bhaile Átha Cliath a bhronnadh ar an Stát.
Tá cead tugtha ag an Vatacáin d'ord Siúracha Cráifeacha na Carthannachta Ospidéal agus tailte Naomh Uinseann i bPáirc na Leamhán, Co. Bhaile Átha Cliath a bhronnadh ar an Stát.

Tá cead tugtha ag an Vatacáin d'ord Siúracha Cráifeacha na Carthannachta Ospidéal agus tailte Naomh Uinseann i bPáirc na Leamhán, Co. Bhaile Átha Cliath a bhronnadh ar an Stát trí chomhlacht dar teideal Grúpa Sealbhaíochta Naomh Uinseann. 

Thug an Suí Naofa cead don ord an gabháltas iomlán, a bhfuil luach €200M luaite leis, a bhronnadh ar an Stát ionas go bhféadfaí leanúint den fhorbairt ar an Ospidéal Náisiúnta Máithreachais - forbairt a bhí i mbaol de bharr go sáraíonn cead cúram leighis ginnmhillte, toirchiú in vitro agus vaiséactoimé rialacha na hEaglaise Chaitilicí. 

Tá níos mó ná 3 bliana ann ó tugadh chun solais na deacrachtaí a bheadh le lonnú an tOspidéil Náisiúnta Máithreachais ar shuíomh Ospidéal Naomh Uinseann i ndeisceart na hardcathrach. 

Bíodh is go bhfuil fáilte curtha roimh chinneadh na Vatacáine, táthar fós éiginnte faoi cé leis an comhlacht dar teideal Grúpa Sealbhaíochta Cúram Sláinte Naomh Uinseann - cuideachta atá cláraithe mar chomhlacht teoranta le stádas carthanachta.

Dúirt an Dr Peter Boylan gur dea-scéal atá i bhfógra an lae inniu ach dúirt sé go bhfuil go leor ceisteanna gan freagra go fóill.