Dhearbhaigh na húdaráis sláinte tráthnóna go bhfuil 27 duine eile básaithe leis an ngalar Covid-19 sa Stát. Fágann sin go bhfuil 1,429 duine ar fad básaithe leis an ngalar i bPoblacht na hÉireann.
Dearbhaíodh freisin go bhfuil 156 cás nua den ghalar ann. Tá an coróinvíreas tolgtha ag 22,541 duine sa Stát anois.
Níos túisce inniu, fógraíodh go bhfuil cúigear eile básaithe le Covid-19 sa Tuaisceart agus go bhfuil 38 cás nua ann.
427 duine atá básaithe de bharr an ghalair san ospidéal ó thuaidh anois tá an coróinvíreas tolgtha ag 4,022 duine ann.