skip to main content

Foireann theach Altranais Dealgan croíbhriste ag bás 23

Tá sé deimhnithe ag príomh stiúrthóir Teach Altranais Dealgan i nDún Dealgan, gur bhásaigh 23 áitritheoir san ionad ón 1ú Aibreán i leith, go leor acu a raibh Covid-19 orthu.

I ráiteas a d'eisigh Eoin Farrelly, dúirt sé go bhfuil an fhoireann ar fad croíbhriste de bharr bás na ndaoine - a dúirt sé ar chuireadar aithe orthu agus a raibh grá acu dóibh le blianta anuas. 

Lean sé le rá bíodh is nach ndéanfar dearmad orthu siúd a cailleadh, go bhfuil an fhoireann dírithe anois ar an ráig a chur ó dhoras an tí altranais. 

Dúirt sé go bhfuil sé dóchasach go bhfuil an ráig faoi smacht mar nach raibh aon cás nua den víreas i dTeach Altranais Dealgan le 14 lá anuas. 

Bhí 84 áitritheoir sa teach altranais ag tús mhí Aibreán. 

Ruairí Ó Murchú, TD Sinn Féin, Co Lú

Sa Dáil inné, dúirt Ruairí Ó Murchú, TD Shinn Féin go raibh faisnéis aige a léirigh gur bhásaigh 26 áitritheoir sa teach altranais le Covid-19 agus d'iarr sé ar an Aire Sláinte Simon Harris fiosrúchan a ghairm faoin ráig i dTeach Altranais Dealgan.