Dúirt Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte an Dr Tony Holohan le RTÉ ar maidin go dteastaíonn uaidh féin agus an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí go mbeadh an víreas corónach cloíte oiread agus is féidir é agus go bhfuil súil fíor-ghéar a choinneáil ar an ndul chun cinn.
Ag caint ar chlár raidió Sheán O'Rourke, dúirt an Dr. Holohan ainneoin go bhfuil an-obair ar bun go hidirnáisiúnta le vacsaín a fhorbairt, nach bhfuil aon chinnteacht lena leithéid.
Dúirt sé go bhfuil roinnt drugaí a léiríonn go bhfuil maitheas ionta ach nach raibh aon cheann amháin go dtí seo a thabharfadh le fios gur féidir an víreas a chloí go hiomlán.
Ag freagairt ceiste faoi thaisteal go hidirnáisiúnta, dúirt an Dr Holohan go gcaithfear iliomad torthaí dearfacha a thabhairt faoi ndeara sular féidir a leithéid a cheadú go forleathan.
Dúirt sé go seasann an chomhairle - gan tabhairt faoi aon thaisteal idirnáisiúnta nach bhfuil riachtanachatá - tugtha ag an bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí.
Tá súil aige go nglacfaidh céatadán mór den pobal vacsaín fliú sa bhFómhar in iarracht tionchar an tinnis bhliantúil a mhaolú.
Tráthnóna inné, dhearbhaigh sé go raibh 29 duine eile básaithe leis an ngalar Covid-19 sa Stát. Fágann sin go bhfuil 1,403 duine ar fad básaithe leis an ngalar i bPoblacht na hÉireann.
Dearbhaíodh freisin go raibh 137 cás nua den ghalar ann - an líon laethúil is ísle le breis agus sé seachtainí. Tá an coróinvíreas tolgtha ag 22,385 duine sa Stát anois.
Ag an bpreasócáid chéanna, dheimhnigh an tOllamh Philip Nolan, atá i gceannas cúrsaí samhaltaithe ar an bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí, go bhfuil líon na gcásanna nua, líon na marbh agus líon na ndaoine atá á gcur san ospidéal ar fad ag titim.