skip to main content

Plean B in áit na hArdteistiméireachta le plé ag an gComhaireacht

Cuirfear Plean B faoi bhráid chruinnithe chomhaireachta i dTeach laighean ar maidin. Tuigtear do RTÉ gur meascán de mharcanna faighte i scrúduithe scoile, bréagscrúduithe ina measc, móide rangú ó chliar oidí na scoile a bheidh an chur chuige nua bunaithe
Cuirfear Plean B faoi bhráid chruinnithe chomhaireachta i dTeach laighean ar maidin. Tuigtear do RTÉ gur meascán de mharcanna faighte i scrúduithe scoile, bréagscrúduithe ina measc, móide rangú ó chliar oidí na scoile a bheidh an chur chuige nua bunaithe

Déanfar machnamh ar mhalairt phlean do scrúduithe na hArdteistiméireachta a chuirfidh an tAire Oideachais Joe McHugh os comhair chruinniú comhaireachta ar maidin. Sin a dúirt foinsí sinsireacha comhrialtais le RTÉ.

Beidh na moltaí ar mhalairt phlean i meamram ina bhfuil sonraí faoi chur chuige le cur in áit na scrúduithe mar a déantar iad go traidisiúnta agus a chuirfidh an tAire faoina mbráid. 

Tuigtear go bhfuil an cur chuige bunaithe ar mheascán de na marcanna a fuair an dalta thar a thréimhse meánscolaíochta chomh maith le rangú tugtha ag oidí na ndaltaí.

Tuigtear gur rangú dá gcuid daltaí féin a thabharfaidh oidí agus go mbeidh bunús an rangaithe seo fréamhaithe ar mheasúnú ghairmiúil an oide móide meán-mharcanna ó scrúdaithe agus obair scoile déanta go dtí seo. 

Tuigtear go mbeadh marcanna faighte sna bréagscrúduithe san áireamh sa chás seo. 

Ar maidin, dúirt Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte an Dr Tony Holohan le RTÉ ar maidin gur thug seisean agus a fhoireann comhairle don Roinn Oideachais maidir le reachtáil na scrúduithe. 

Inné, dúirt ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin go bhfuil sé thar am cinneadh a dhéanamh faoin Ardteist.

Mhaígh sé go bhfuil socrú le déanamh ag gach rialtas san Eoraip faoi scrúduithe na scoileanna agus nach bhfuil an oiread éiginnteachta in aon áit agus atá sa tír seo.

Cuirfear tús leis an gcruinniú comhaireachta ag 11 ar maidin agus tá súil le fógra ina dhiaidh.