skip to main content

Coimhlint ag Stobart do sheirbhísí aerthaistil - Willie Walsh

Spéis léirithe ag aerlínte eile i gconradh oibleagáide seirbhíse poiblí atá ag Stobart Air faoi láthair - Willie Walsh, Príomhfheidhmeannach IAG
Spéis léirithe ag aerlínte eile i gconradh oibleagáide seirbhíse poiblí atá ag Stobart Air faoi láthair - Willie Walsh, Príomhfheidhmeannach IAG

D'fhéadfadh go mbeadh coimhlint ghéar ag Stobart Air le haerlínte eile ag solathár seirbhísí aeir réigiúnach do Aer Lingus, na seirbhísí idir Dún na nGall agus Baile Átha Cliath agus Ciarraí agus Baile Átha Cliath san áireamh.

Inné, dúirt Príomhfheidhmeannach ghrúpa aerlínte IAG, Willie Walsh, go bhfuil suim ag aerlínte eile na seirbhísí réigiúnacha a sholathár do Aer Lingus, atá á sholathár ag Stobart Air faoi láthair.

Níl athnuachán déanta ag Aer Lingus ar a gconradh, atá i bhfeidhm go 2022  le Stobar Air, le seirbhísí aeir a sholathár idir Baile Átha Claith go Dún na nGall agus Ciarraí agus éagsúlacht aerfoirt sa Bhreatain.

Faoin chonradh reatha le Stobart, cuirtear eitiltí in áirithe trí ardáin Aer Lingus, agus cuireann Stobart na heitileáin agus an criú cabáin ar fáil.

D'fhógair an gnó eitleoireachta agus fuinnimh sa Bhreatain, Stobart Group, ar an tseachtain seo caite go raibh siad ag glacadh an mhórchuid dena scaranna i Stobart Air.

Deir Stobart Air go bhfuil an pháirtnéireacht atá acu le Aer Lingus riachtanach le go mairfidh an aerlíne i ndiaidh na géarchéime Covid-19.