Dúirt Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte an Dr Tony Holohan go bhfuil an ceann sprice a chuireamar romhainn bainte amach againn agus go bhfuil cosc curtha againn anois ar leathadh an ghalair Covid-19 inár measc.
Ag an bpreasócáid laethúil in oifigí na Roinne tráthnóna, dúirt an Dr Holohan go bhfuil an cóimheas atáirgthe ó dhuine go duine idir 0.5-0.6 anois.
Thug sé le fios go raibh go leor dua ag baint leis an ngéarchéim go dtí seo, ach nach raibh aon cheist faoi ach gur sábháladh beo daoine mar gheall ar iarracht mhór chomhchoiteann an phobail.
Dúirt sé go mbeidh ár gcuid iompair as seo go ceann roinnt seachtainí chomh tábhachtach agus a bhí go dtí seo agus sinn ag iarraidh an coróinvíreas a choinneáil faoi smacht.
Ag an bpreasócáid chéanna, dheimhnigh an tOllamh Philip Nolan, atá i gceannas cúrsaí samhaltaithe ar an bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí, go bhfuil líon na gcásanna nua, líon na marbh agus líon na ndaoine atá á gcur san ospidéal ar fad ag titim.
Níos túisce, dúirt an tAire Sláinte Simon Harris sa Dáil go bhfuil an líon daoine a cuireadh san ospidéal nó in aonaid dianchúraim laghdaithe faoina leath le seachtain.
Dúirt sé gur thart ar dhá scór sa ló a cuireadh san ospidéal an tseachtain seo caite agus gur scór sa ló atá i gceist an tseachtain seo.