Dhearbhaigh na húdaráis sláinte tráthnóna go bhfuil 29 duine eile básaithe leis an ngalar Covid-19 sa Stát. Fágann sin go bhfuil 1,403 duine ar fad básaithe leis an ngalar i bPoblacht na hÉireann.
Dearbhaíodh freisin go bhfuil 137 cás nua den ghalar ann. Tá an coróinvíreas tolgtha ag 22,385 duine sa Stát anois.
Níos túisce inniu, fógraíodh go bhfuil ceathrar eile básaithe le Covid-19 sa Tuaisceart agus go bhfuil leathchéad cás nua ann.
422 duine atá básaithe de bharr an ghalair san ospidéal ó thuaidh anois tá an coróinvíreas tolgtha ag 3,984 duine ann.