skip to main content

"Réiteach ar cheist na hArdteiste faoi cheann cúpla lá"

Ní fios fós an dtiocfar chun cinn leis an Ardteis i mí Iúil
Ní fios fós an dtiocfar chun cinn leis an Ardteis i mí Iúil

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar sa Dáil gur mian leis an Rialtas réiteach a fháil ar an éiginnteacht a bhaineann le scrúduithe na hArdteistiméireachta faoi dheireadh na seachtaine seo. 

Mhaígh an Taoiseach go dtuigeann sé go maith an strus atá ar dhaltaí de bharr na éiginnteachta ar fad. 

Ní fios fós an dtiocfar chun cinn leis na scrúduithe i mí Iúil nó an gcuirfear ar ceal iad, agus dheimhnigh Leo Varadkar go bhfuil an Rialtas fós ag déanamh a marana ar na roghanna éagsúla. 

Sa chás go gcuirfear na scrúduithe ar ceal, a dúirt sé, beidh sé an-deacair teacht ar mhodh sásúil eile le measúnú a dhéanamh ar chumas daltaí.

Dúirt ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin go bhfuil sé thar am cinneadh a dhéanamh faoin Ardteist.

Mhaígh sé go bhfuil socrú le déanamh ag gach rialtas san Eoraip faoi scrúduithe na scoileanna agus nach bhfuil an oiread éiginnteachta in aon áit agus atá sa tír seo.

Faoi láthair, tá scrúduithe na hArdteistiméireachta le tosú Dé Céadaoin 29 Iúil seachas ag tús an Mheithimh mar is iondúil. Cuireadh ar atráth iad mar gheall ar na srianta sóisialta a tugadh isteach le dul i ngleic leis an ngalar Covid-19.