Dúirt ard-stiúrthóir Chomhairle um Chearta an Duine Liam Herrick go bhfuil an Stát in ann iallach a chur ar dhaoine eolas a thabhairt faoina gcuid taistil.
Bhí Liam Herrick ag trácht ar thuairiscí gur dhiúltaigh an tríú cuid de na daoine a tháinig isteach sa tír le sé lá eolas a thabhairt faoin áit a raibh siad le fanacht.
Iarrtar an seoladh ag aefoirt agus calafoirt le go dtig leis na húdaráis a dhearbhú go bhfuil daoine in áit leo féin agus ag fanacht amach ó dhaoine eile.
Tá daoine a thagann isteach go hÉirinn ceaptha fanacht istigh agus iad féin a dhealú ó dhaoine eile ar feadh ceithre lá dhéag.