Tá go leor oibrithe a bhí ar an íosphá náisiúnta níos fearr as anois más amhlaidh go bhfuil siad ag fáil an liúntais dífhostaíochta €350 sa tseachtain a tugadh isteach i mí an Mhárta, de réir staidéir nua.
Deirtear sa taighde a rinne an Institúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta go raibh 8% d'oibrithe na tíre ar an íosphá náisiúnta de €10.10 san uair roimh ghéarchéim an choróinvíris.
Mná, oibrithe páirtaimseartha, eachtrannaigh agus daoine óga is mó a n-íoctar an t-íospha leo.
Sna hearnálacha miondíola, cóiríochta agus bia is mó a bhíonn siad ag obair agus tá a bpoist caillte ag go leor acu de bharr na géarchéime sláinte.
Tugadh an liúntas €350 isteach beagnach ocht seachtaine ó shin do dhaoine mar iad agus deirtear sa taighde nua go bhfuil an íocaíocht seo níos airde ná an tuarastal seachtainiúil a bhídís a fháil roimhe sin.
Bhíothas le deireadh a chur leis an liúntas ag tús na míosa seo chugainn ach d'fhógair an Taoiseach sa Dáil tráthnóna go leanfar leis go ceann scaithimh eile.
Ní léir, áfach, an é an ráta céanna a íocfar i gcónaí.