Cuirfear tús le cainteanna foirmiúla tráthnóna idir trí pháirtí polaitíochta - Fine Gael, Fianna Fáil agus an Comhaontas Glas - maidir le bunú rialtais nua.
Tíocfaidh ionadaithe na bpáirtithe le chéile in oifigí na Roinne Talmhaíochta le clár rialtais a phlé.
Ceathrar ionadaithe ó gach aon pháirtí a bheas páirteach sna cainteanna. Is í leascheannaire an Chomhaontais Ghlais Catherine Martin a bheas i gceannas ar fhoireann an pháirtí sin.
Tuigtear go leagfaidh siad amach de réir oird na mórhcheisteanna atá le plé acu, géarchéim an choróinvíris agus athbheochan an gheilleagair go háirithe.
Tá sé ráite ag ceannairí na bpáirtithe go bhfuil siad dóchasach go mbeidh siad tagtha ar shocrú ag deireadh na míosa seo nó ag tús na míosa seo chugainn.