skip to main content

Glaoch práinneach ar chúnamh in am seo an éigin

Feachtas nua seolta ag Cumann Naomh Uinseann de Pól
Feachtas nua seolta ag Cumann Naomh Uinseann de Pól

Tá feachtas nua seolta ag Cumann Naomh Uinseann de Pól le hairgead a bhailiú go práinneach agus iad ag tuar go dtiocfaidh ardú as seo go ceann roinnt seachtaintí ar an éileamh a bheas ar sheirbhísí na heagraíochta.

Dúirt an carthanas go bhfuil sé an-deacair ar theaghlaigh go leor faoi láthair íoc as bia agus breosla de bharr a n-ioncam a bheith laghdaithe ó thosaigh an ghéarchéim sláinte.

Dúirt siad go bhfuil a n-ioncam féin laghdaithe go mór freisin ó dúnadh a gcuid siopaí de bharr na srianta sóisialta a tugadh isteach le dul i ngleic leis an gcoróinvíreas. Tá 234 siopa ag an eagraíocht ar fud na tíre. 

Tá Cumann Naomh Uinseann de Pól ag fóirithint ar dhaoine le breis agus 175 bliain agus thug siad cúnamh d'os cionn 160,000 duine in Éirinn anuraidh.