Dúirt Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte an Dr Tony Holohan cé go bhfuil an líon cásanna den ghalar Covid-19 ag laghdú i dtithe altranais gur údar imní é go bhfuil an líon cásanna i measc an phobail réasúnta seasmhach i gcónaí.
Dúirt an Dr Holohan go bhfuil cásanna den ghalar i measc daoine óga go háirithe ag déanamh scime dó.
Tá Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ag moladh do dhaoine atá ag fuasaoid aon cheann de chomharthaí sóirt na haicíde comhairle a lorg ar a ndochtúir teaghlaigh láithreach.
Tá sé tugtha le fios freisin ag an an gClár Náisiúnta Rialaithe Ailse nach bhfuil leath an mhéid daoine a bhféadfadh ailse a bheith orthu ag dul chuig na clinicí sna hospidéil ó tugadh isteach beartais in aghaidh an choróinvíris.
Dúradh go bhfuil seirbhísí cúraim ailse ar fáil mar is gnách agus nár chóir go mbeadh faitíos ar dhaoine dul chuig an ospidéal.