Fógraíodh tráthnóna go bhfuil 37 duine eile básaithe leis an ngalar Covid-19 sa Stát. Fágann sin go bhfuil 1,375 duine ar fad básaithe leis an ngalar i bPoblacht na hÉireann.
Dearbhaíodh freisin go bhfuil 265 cás nua den ghalar ann. Tá an coróinvíreas tolgtha ag 22,248 duine sa Stát anois.
Níos túisce inniu, fógraíodh go bhfuil 14 duine eile básaithe le Covid-19 sa Tuaisceart agus go bhfuil 53 cás nua ann.
418 duine atá básaithe de bharr an ghalair san ospidéal ó thuaidh anois tá an coróinvíreas tolgtha ag 3,934 duine ann.