Tá sraith cruinnithe a bhí ar bun inniu le scrúduithe na hArdteistiméireachta a phlé críochnaithe agus tá sé i gceist tuilleadh cainteanna a ghairm as seo go ceann roinnt laethanta.
Bhí cruinnithe ag an Aire Oideachais Joe McHugh agus oifigigh óna Roinn le hionadaithe ó na daltaí, na múinteoirí agus na tuismitheoirí.
Pléadh roinnt roghanna ag cruinniú an lae inniu, ina measc go dtiocfaí chun cinn leis na scrúduithe an t-am atá beartaithe ag tosú Dé Céadaoin 29 Iúil.
Dúirt ionadaithe ó na daltaí go raibh cruinniú fiúntach acu inniu agus go dtuigeann daoine anois nach bhféadfadh gnáth-Ardteistiméireacht a bheith ann i mbliana.