skip to main content

"Craobh na hÉireann le tosú san Fhómhar"

Corn Mhig Uidhir agus Corn Mhic Cárthaigh
Corn Mhig Uidhir agus Corn Mhic Cárthaigh

Tuigtear go bhfuil sé fós i gceist ag Cumann Lúthchleas Gael go mbeadh Craobh na hÉireann ar siúl i mbliana ainneoin srianta sóisialta a bheith i bhfeidhm i gcónaí cuid mhaith den samhradh. 

Bhí roinnt cruinnithe cianchumarsáide ag oifigigh shinsearacha an Chumainn le cathaoirligh na gclubanna ar maidin. 

Socraíodh na cruinnithe i bhfianaise na himní atá léirithe ag bainisteoirí, réiteoirí, imreoirí agus oifigigh faoina bhfuil i ndán do na cluichí iománaíochta agus peile i mbliana. 

Tuigtear go bhfuil sé i gceist, faoi lathair ar aon chor, tús a chur leis an gCraobh i mí Dheireadh Fómhair. 

Ag an tráth seo, tá sé i gceist nach dtosóidh na clubanna ag traenáil arís go dtí 20 Iúil ar a luaithe.