skip to main content

Cúlú 8% ar an ngeilleagar i mbliana tuartha

"Cúlú mór eacnamaíochta ar na bacáin"
"Cúlú mór eacnamaíochta ar na bacáin"

Tiocfaidh cúlú 8% ar an ngeilleagar i mbliana agus tiocfaidh borradh 6% faoi arís an bhliain seo chugainn, a deirtear i dtuarascáil nua atá foilsithe ag an gCoimisiún Eorpach.

Beidh tionchar ar leith ag imeacht na Breataine as an Aontas Eorpach agus ag athruithe ar chánachas idirnáisiúnta ar chás na hÉireann, a deirtear. 

Deirtear sa tuarascáil chomh maith go dtiocfaidh ardú go dtí 7.5% ar an líon daoine a bheas as obair i mbliana, ach go mbeidh sé ar ais ag an ngnáthráta arís faoi dheireadh na bliana 2021 agus géarchéim an choróinvíris caite. 

Thug an tAire Airgeadais, Paschal Donohoe le fios go ndéanfar athruithe inniu ar an Scéim Fóirdheontais Pá le cinntiú go mbeidh sí níos éifeachtaí don dream atá ar ioncam íseal.

Chosain sé an scéim, á rá go bhfuil a gcuid post coinnithe ag 400,000 duine dá barr.