Tá na Gardaí ag iarraidh ar an bpobal scéal a thabhairt dóibh má bhíonn aon duine ag casacht timpeall orthu d'aon turas nó ag caitheamh smugairlí leo.
Gabhadh duine i nDún Laoghaire i mBaile Átha Cliath agus duine i nDún Garbhán, Co Phort Láirge, nuair a thosaigh siad ag casacht agus Gardaí ag iarraidh an ruaig a chur ar ógánaigh a bhí bailithe le chéile.
Tá fiosrúchán coiriúil ar bun faoin mbeirt atá scaoilte saor ag na Gardaí anois.
Agus tá na Gardaí ag cur fainice ar an bpobal a bheith airdeallach ar theachtaireachtaí téacs a deir gur ó na Coimisinéirí Ioncaim iad.
Deirtear sna teachtaireachtaí go bhfuil €1,000 ag dul do na Coimisinéirí.
Deir na Gardaí gur caimiléireacht atá i gceist leis seo agus tá siad ag achainí ar dhaoine gan aon aird a thabhairt orthu.