skip to main content

Líon na marbh níos airde anois sa Spáinn ná sa tSín

Líon na marbh níos airde anois sa Spáinn ná sa tSín
Líon na marbh níos airde anois sa Spáinn ná sa tSín

Tá an líon daoine atá básaithe sa Spáinn leis an ngalar Covid-19 níos airde anois ná sa tSín.

738 duine a bhásaigh sa Spáinn le ceithre huaire fichead, rud a fhágann go bhfuil 3,434 duine curtha den saol aige sa tír sin. Tá an coróinvíreas ar 47,610 duine sa Spáinn. Is é an coróinvíreas faoi deara an ghalair Covid-19.

3,281 atá básaithe sa tSín, de réir na bhfigiúirí is deireanaí. 

6,820 atá caillte san Iodáil, an líon is mó in aon tír ar domhan.