Tá sé deimhnithe go bhfuil an galar Covid-19 ar Phrionsa Séarlas Shasana.
Tuairiscítear nach bhfuil sé an-tinn agus go bhfuil sé ag fanacht sa bhaile.
Tá an Prionsa Séarlas 71 bliain d'aois.
Dúirt urlabhraí an Phrionsa go ndearnadh tástáil air féin agus ar a bhean chéile Camilla in Albain. Níl an galar uirthise.
Dúradh nach féidir a rá cé uaidh ar thóg sé ag aicíd mar gheall gur fhreastail sé ar an oiread sin ócáidí le roinnt seachtainí.