skip to main content

"An fhreagracht ar SF rialtas sóisialach a chur ar bun" - FG

Deir Fine Gael go bhfuil an fhreagracht ar Shinn Féin rialtas sóisialach poblachtánach a chur ar bun, tar éis dóibh an líon is mó vótáí a fháil san olltoghchán
Deir Fine Gael go bhfuil an fhreagracht ar Shinn Féin rialtas sóisialach poblachtánach a chur ar bun, tar éis dóibh an líon is mó vótáí a fháil san olltoghchán

Tá sé ráite ag urlabhraí ar son Fhine Gael nach n-oibreodh margadh muiníne agus soláthair sa Dáil nua.

Dúirt Fine Gael gurbh í an rogha dheiridh í glacadh le comhaontú muiníne agus soláthair nuair a cuireadh an rialtas deireanach ar bun.

Dúradh sa ráiteas a cuireadh ar fáil go bhfuil an fhreagracht anois ar Shinn Féin rialtas sóisialach poblachtánach a chur ar bun, tar éis dóibh an líon is mó vótaí a fháil.