skip to main content

500 iarratas ar dhá phost ar an mBlascaod Mór

An Blascaod Mór
An Blascaod Mór

Tuigtear go bhfuil breis agus 500 iarratas déanta ar dhá phost ar an mBlascaod Mór i gCorca Dhuibhne.

Ionad lóistín agus siopa caifé an oileáin atá le bainistiú agus tá beirt ag teastáil ón Aibreán go Deireadh Fómhair.

Tá iarratais tagtha ó áiteanna go leor agus chomh fada ó bhaile leis an Astráil.