Beidh cruinniú ag toscaireacht shinsearach ó UEFA leis an Aire Spóirt Shane Ross agus le hoifigigh na Roinne Iompair, Tuarasóireachta agus Spóirt chun an ghéarchéim airgeadais i gCumann Peile na hÉireann (FAI) a phlé.
Tá fiacha beagnach €70 milliún ar an gCumann agus tá €18 milliún iarrtha acu ar an Rialtas.
Meastar go mbeidh cruinniú ag lucht UEFA freisin le hionadaithe ó Bhanc na hÉireann, príomhchreidiúnaí an FAI.
Faigheann an FAI go leor airgid ó UEFA chomh maith.
Tá imní ar an gCumann go mbeidh siad bancbhriste mura dtiocfar i gcabhair orthu, agus nach mbeidh foireann Phoblacht na hÉireann in ann cluichí idirnáisiúnta a imirt dá bharr.