skip to main content

Seán FitzPatrick díbeartha as Comhlachas na gCuntasóirí

Seán FitzPatrick
Seán FitzPatrick

Tá iarchathaoirleach bhanc Anglo Irish Seán FitzPatrick díbeartha as Comhlachas Chuntasóirí Cairte na hÉireann tar éis do choiste smachtaithe a rialú gur tharraing sé droch-cháil air féin agus ar a ghairm.

Ghlac Seán FitzPatrick le líomhain a bhí curtha ina leith ag coiste iompair na heagraíochta maidir le haistriú sealadach iasachtaí suas le €122 milliún sa bhliain 2007.

Dúradh nac raibh bord ná iniúchóirí Anglo Irish curtha ar an eolas faoi na hiasachtaí seo. 

Chomh maith lena bhallraíocht a bheith curtha ar ceal, ghearr Comhlachas na gCuntasóirí fíneáil ar Sheán FitzPatrick agus gheall sé nach ndéanfadh sé iarratas ar bhallraíocht arís.