skip to main content

Iar-Mhéara Nua Eabhrac Michael Bloomberg ag ullamhú chun dul san iomaíocht i rás Uachtaránachta Mheiriceá

Michael Bloomberg ag ullamhú do Rás Uachtaránachta Mheiriceá
Michael Bloomberg ag ullamhú do Rás Uachtaránachta Mheiriceá

Meastar go bhfuil Iar-Mhéara Nua Eabhrac ag ullamhú chun dul san iomaíocht i rás Uachtaránachta Mheiriceá i 2020. 

Tuigtear go gcuirfidh Bloomberg atá 77 bliain d'aois a chuid páipéarachais isteach i Stát amháin ar a laghad an tseachtain seo á dhearbhú fhéin mar iarrathóir Uachtaránachta.

I Mí an Mhárta, Dúirt Michael Bloomberg nach raibh sé chun dul san iomaíocht ach ceaptar anois go bhfuil sé i mbun macnaimh le seachtainí maidir le tabhairt faoin rás.