skip to main content

Ní dhíolfar an club oíche Copper Face Jacks anois

Ní dhíolfar Copper Face Jacks anois
Ní dhíolfar Copper Face Jacks anois

Tá deireadh curtha leis an bplean a bhí ag uinéirí Copper Face Jacks i mBaile Átha Cliath an club oíche aitheanta a dhíol agus é i gceist acu leanúint orthu ag rith an ghnó. 

Bhí an club oíche ar Shráid Fhearchair chomh maith le hOstán Jackson Court ar an margadh i Mí an Mhárta agus bhíothas ag ceapadh ag an am go bhféadfadh sé luach €40m a bhaint amach. 

Tuigtear go bhfuil sé ráite anois leis an bhfoireann go bhfuil a n-intinn athraithe ag Cathal agus Paula Jackson agus nach bhfuil an foirgneamh le díol anois.