Tá an fear is mó a raibh amhras ann faoi sa bhfiosrúchán maidir le fuadach Kevin Lunney tar éis bháis. D'éirigh Cyril McGuinness nó 'Dublin Jimmy' faoi mar a thugtaí air breoite nuair a chuardaigh poilíní i Derbyshire teach in raibh sé ann.
Bhí Cyril McGuinness sna caogaidí. Creideann na Gardaí agus an PSNI go raibh ról lárnach ag Cyril McGuinness i bhfuadach agus san ionsaí brudúil a deineadh ar Kevin Lunney i Mí Mheán Fómhair.
Idir an dá linn, Tá breis is 100 Garda páirteach i gcuardaigh ar mhaoin i gContaetha an Chabháin, an Longfoirt agus i mBaile Átha Cliath maidir leis an bhfiosrúchán atá ar bun faoin ionsaí agus fuadach a rinneadh ar Kevin Lunney ón gcomhlacht Quinn Industrial Holdings i Mí Mheán Fómhair.
Tá tithe agus gnóanna i 5 láthair i gContae an Chabháin, 3 láthair i gContae an Longfoirt agus 4 láthair i mBaile Átha Cliath á gcuardach ag Gardaí.
Tá cuardach ar bun chomh maith ag oifigigh de chuid an PSNI i nDoire Linn i gContae an Chabháin agus tá poilíní i Derbyshire i mbun cuardaigh i Sasana.
Deir na Gardaí go bhfuil cuardaigh an lae inniu mar chuid de chéim sa bhfiosrúchán chun fianaise a bhailiú maidir le fuadach, príosúnú neamhdhleathach agus ionsaí ar Kevin Lunney ar an 17ú Meán Fómhair i gceantar na teorann.
Fuadaíodh agus ionsaíodh Kevin Lunney , athair seisear clainne atá 50 bliain d'aois agus fuarthas é ag cur fola ar thaobh an bhóthair i gceantar iargúlta i gContae an Chabháin.
Níos luaithe an tseachtain seo labhair Kevin Lunney ón gcomhlacht Quinn Industrial Holdings den chéad uair ar chlár teilifíse an BBC faoin ionsaí a rinneadh air i Mí Mheán Fómhair.
Rinne sé cur síos ar an gclár Spotlight ar an gcaoi ar fhuadaigh triúr fear é gar dá theach cónaithe i nDoire Loinn i i gContae Fhear Manach. Thug siad amach as a charr é agus chuir siad iallach air dul isteach i gcarr eile.
Dúirt sé gur thug siad drochbhualadh dó agus chaith siad amach ar thaobh an bhóthair é trasna na teorann i gContae an Chabháin.
Thug Kevin Lunney le fios go ndúirt na fuadaitheoirí leis go gcaithfeadh sé féin agus stiúrthóirí eile Quinn Industrial Holdings éirí as a bpoist sa chomhlacht.
Dúirt sé gur cheap sé ag an am go gcaillfí le taobh an chlaí é.
Tá sé den bharúil, a dúirt sé, go raibh ordú tugtha don dream a d'fhuadaigh é ionsaí brúidiúil a dhéanamh air.
Tá na Gardaí agus na póilíní sa Tuaisceart ag leanacht lena bhfiosrúchán faoin gcás.
Dúirt príomhfheidhmeannach an chomhlachta Liam McCaffrey gur cheart go mbunófaí tascfhórsa tras-teorann leis an ionsaí a fhiosrú.
Dúirt sé go raibh go leor iarrachtaí déanta ón mbliain 2015 imeaglú a dhéanamh ar stiúrthóirí an chomhlachta agus go bhfuil sé in am anois dul i ngleic leis an gcás.
Deir an Garda Síochána agus an PSNI go bhfuil comh-fhoireann fiosrúcháin bunaithe ag acu maidir leis na hionsaithe ar fad a rinneadh ar Quinn Industrial Holdings le seacht mbliana anuas.
Seo an chéad uair riamh ar bunaíodh aonad dá leithéid faoi reachtaíocht a tháinig i bhfeidhm níos luaithe i mbliana.