Ceaptar go bhfógróidh an tAire Comhshaoil, Richard Bruton inniu, go bhfuil cosc le cur ar úsáid earraí plaisteacha áirithe.
Earraí iad seo nach n-úsáidtear ach uair amháin, cosúil le soip agus cupáin phlaisteacha.
Tá cruinniú ag an Aire le dreamanna a mbaineann an Plean Gnímh Aeráide leo faoi láthair.
Dúirt Mindy O'Brien, ón ngrúpa VOICE atá ag an gcruinniú sin go gcaithfidh siopadóirí agus lucht gnó dea-shampla a thaispeáint.