Deir na gardaí go gcreideann siad go bhfuil dúnmharú sáraithe acu i gCo.Bhaile Átha Cliath tar éis dóibh triúr fear a ghabháil ansin ag an deireadh seachtaine.
Baineann sé seo leis an aighneas idir coirpigh i dtuaisceart an chontae.
Tá ceathrar go dtí seo i mbliana maraithe san aighneas sin.
Ghabh gardaí armtha óna hAonaid Choiriúlachta na fir ar an Satharn agus tá siad fós á gceistiú.
Tuigtear go raibh sé i gceist ag na fir, fear eile a mharú mar dhíoltas san aighneas atá ar bun i dtaca le drugaí i gceantar na Cúlóige.
Thóg na gardaí gunna láimhe, púicín agus 2 charr mar chuide den fhiosrúchán atá ar siúl acu.
Bhí cláruimhir bréagach ag ceann de na gluaisteáin.